Fógraíonn Comhairle Contae Chill Dara Athlonnú Sealadach Sheirbhísí Leabharlann Phoiblí Dhroichead Nua
Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Chill Dara Chomhairle Contae Chill Dara a fhógairt go gcuirfear tús le Leabharlann & Ionad Staidéar Áitiúil Dhroichead Nua a thógáil in 2026.
Tógfar an leabharlann nua úrscothach ar an suíomh céanna ina bhfuil Leabharlann Phoiblí Dhroichead Nua suite faoi láthair. Dá bharr sin, sula gcuirfear tús leis an tógáil, déanfar Leabharlann Phoiblí Dhroichead Nua a dhúnadh go sealadach ar an Déardaoin, an 11 Nollaig ag 8pm chun an t-aistriú tábhachtach go Lóiste na Life, Droichead Nua a éascú. Beidh Lóiste na Life mar láthair shealadach ag Leabharlann Phoiblí Dhroichead Nua agus cinnteoidh seo go mbeidh rochtain ag an bpobal ar sheirbhísí leabharlainne i rith na tréimhse tógála.
Maidir leis an aistriú chuig an láthair shealadach, cuirtear na nuashonruithe seirbhíse seo a leanas in iúl d'úsáideoirí leabharlainne:
- Ón Satharn, 22 Samhain, ní bheidh aon seirbhís iarratais ar fáil sa leabharlann féin. Is féidir le custaiméirí earraí a lorg ar líne agus leabharlann eile i gContae Chill Dara a roghnú mar phointe bailiúcháin.
- Beidh do bhallraíocht leabharlainne bailí in aon leabharlann i gContae Chill Dara agus beidh do leabharlann oscailte ar líne 24/7.
- Ní ghearrann an tseirbhís leabharlainne fíneálacha ar earraí déanacha. Mar sin féin, is féidir le húsáideoirí leabharlainne ar mian leo earraí leabharlainne a thabhairt ar ais é sin a dhéanamh in aon leabharlann eile i gCill Dara.
Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár gcustaiméirí as bhur gcuid foighne le linn na hidirthréimhse seo agus táimid ag tnúth le fáilte a chur romhaibh chuig ár suíomh sealadach in 2026 an fhad agus atá bhur leabharlann nua á tógáil.
Má tá aon cheist agat is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann na leabharlainne ag colibrary@kildarecoco.ie











