Fógraíonn Comhairle Contae Chill Dara Féile Léitheoirí Chill Dara 2025
25 Meán Fómhair 2025: Is le teann lúcháire a dheimhníonn Comhairle Contae Chill Dara go bhfillfidh Féile Léitheoirí Chill Dara ar ionaid ar fud an chontae ó 4 go dtí 14 Deireadh Fómhair 2025.
Ceiliúradh is ea an fhéile saor in aisce seo ar leabhair, smaointe agus comhrá, agus tabharfar léitheoirí agus scríbhneoirí le chéile i spás cluthar fáilteach.
Cuma má tá suim agat san fhicsean, san fhilíocht, sa pholaitíocht nó i gcuimhní cinn, cuirfidh Féile Léitheoirí Chill Dara rud éigin ar fáil do gach léitheoir. Idir ghuthanna úra agus íocóin liteartha, agus trí mheán ceardlann agus painéal bríomhar, tugaimid cuireadh duitse a bheith linn chun iniúchadh a dhéanamh ar na scéalta a mhúnlaíonn muid, a thugann dúshlán dúinn agus a nascann muid le chéile.
Áirítear ar chlár na bliana seo ‘Sunday Sessions’ traidisiúnta le Dermot Bolger, dar teideal ‘Music, Mayhem and Memory’. In éineacht leis, beidh an sacsafónaí ar iarbhall de chuid Moving Hearts é, Keith Donald, agus an t-úrscéalaí mór le rá Eoin McNamee. Beidh an láithreoir raidió Rick O’Shea agus an t-údar Hazel Gaynor ag filleadh orainn le ‘Ten Books You Should Read’ a mbíonn an-tóir air.
Faigh léargas ar stair shaibhir agus cheannairceach na grúdaireachta in Éirinn ón staraí beorach, blagálaí, podchraoltóir agus údar ‘Filthy Queens: A History of Beer in Ireland’, an Dr. Christina Wade. Bí linn do chomhráite leis an údar de bhunadh na hIaráine, Roxana Manouchehri, a scríobh ‘This is Not a Cookbook’, agus na húdair úra Roisín O’Donnell (Nesting) agus Brendan McEvilly (Deep Burn).
Le teann bróid a chuirimid fáilte roimh Iar-Phaiteolaí an Stáit, an Dr. Marie Cassidy, a bheidh in éineacht leis na scríbhneoirí coireachta móréilimh Catherine Ryan Howard agus Andrea Mara. Déanfaidh siad iniúchadh ar an gcaoi a léiríonn imscrúduithe fóiréinseacha agus coiriúla ficseanúla cásanna ón bhfíorshaol.
Déanfar an Ghaeilge a cheiliúradh an athuair agus tá An Tolg Liteartha ar an gclár arís i mbliana, mar a gcuirfidh an craoltóir Tristan Rosenstock buaiteoirí Ghradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais 2025 faoi agallamh. Tá imeachtaí iontacha leagtha amach romhainn a chuimseoidh Kimberly Campanello, Jessica Traynor, Shane Kenny, Fionnán Sheahan agus bunaitheoirí Tramp Press Lisa Coen agus Sarah Davis-Goff.
Tá clár iomlán na n-imeachtaí, eolas maidir le háirithintí agus ionaid rannpháirteacha d'Fhéile Léitheoirí Chill Dara 2025 ar fáil ar http://www.kildarereadersfestival.ie/
Tá gach imeacht saor in aisce ach tá sé riachtanach áiteanna a chur in áirithe roimh ré.
Glac páirt sa Chomhrá:
Instagram - @kildarereadersfestival
Facebook - /KildareReadersFestival
Bluesky - @kildarereaders.bsky.social
#KildareReadersFestival #KRF2025











