Fógraíonn Comhairle Contae Chill Dara Seachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide 2025
Dé Máirt, 28 Deireadh Fómhair go dtí Dé hAoine, 31 Deireadh Fómhair 2025
Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Chill Dara clár iomlán a fhógairt do Sheachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide 2025, a bheidh ar siúl ón Máirt 28 Deireadh Fómhair go dtí an Aoine 31 Deireadh Fómhair. Beidh deich n-imeacht ar siúl ar fud an chontae an tseachtain seo, agus tá siad go léir deartha chun feasacht a chruthú maidir le hinbhuanaitheacht, tomhaltas freagrach agus éifeachtúlacht fuinnimh.
Tá na himeachtaí seo a leanas i measc na mbuaicphointí:
- Clinicí um Iarfheistiú Tí:
Beidh Rige Iarfheistithe Bhord Oiliúna Oideachais Laois agus Uíbh Fhailí (LOETB) Mount Lucas lonnaithe i gcarrchlós Áras Chill Dara, agus cuirfear comhairle ar fáil ag dhá chlinic buail isteach maidir le hiarfheistiú tí agus uasghráduithe fuinnimh:
- Dé Máirt, 28 Deireadh Fómhair (10.30 a.m. - 4p.m.)
Beidh Kore Insulation in éineacht le Teagascóir LOETB ag cur comhairle ar fáil maidir le haerdhíonacht agus insliú. Chomh maith leis sin, ar mhaithe le grúpaí pobail leasmhara, reáchtálfar seisiún eolais maidir leis an gClár Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide ó 10.30a.m. – 12.30p.m.
- Dé hAoine, 31 Deireadh Fómhair (11.30a.m. – 1p.m.)
Beidh Meantóir SEAI an Chontae, Emer Conway, in éineacht leis an Teagascóir LOETB. Cuirfear treoir ar fáil agus freagrófar ceisteanna faoi dheontais SEAI.
- Seoladh an Chlub Leabhar:
Seolfaidh an gníomhaí comhshaoil, Sadhbh O’Neill, club leabhar nua, a mbaineann téama na haeráide leis, i Leabharlann Mhaigh Nuad ar an Máirt 28 Deireadh Fómhair ag 6.30pm. Is é ‘The Lie of the Land’, le John Gibbons, an chéad leabhar a ndéanfar plé air agus tá léirmheasanna den scoth faighte ag an leabhar. Tiocfaidh baill an chlub le chéile uair sa mhí ar feadh sé mhí. Cuirtear fáilte roimh chách freastal ar an seoladh; chun páirt a ghlacadh sa chlub, déan teagmháil le Leabharlann Mhaigh Nuad.
- Ceardlanna fuála i Leabharlann agus Ionad Cultúrtha an Náis:
- Cúrsa uaschúrsála á éascú ag Change Clothes
- Ceardlann meaisín fuála a chuirfidh Wren and Mabel ar fáil
- Tá an dá cheardlann saor in aisce, ach tá sé riachtanach áirithint a dhéanamh. Tabhair cuairt ar leathanach imeachtaí Leabharlann an Náis le haghaidh dátaí agus sonraí maidir le háirithintí.
- Scannáin á gcur ar Scáileán:
Taispeánfar dhá scannán a léiríodh go háitiúil, agus a maoiníodh trí Chiste Nuálaíochta Aeráide Chomhairle Contae Chill Dara:
‘Shelter’ le Frame It Productions – dráma gairid ficsin eolaíochta ina ndéantar iniúchadh ar an gcostas daonna a bhaineann le cliseadh aeráide in Éirinn thodhchaíoch.
‘Dance of the Cranes’, le YouthINK ina bhfuil os cionn 40 duine óg ag glacadh páirte, fiosraítear téamaí an teaghlaigh, an athraithe aeráide, agus filleadh na ngrús fiáin ar phortaigh Chill Dara.
Cuirfear na scannáin ar scáileán i Leabharlann Bhaile Átha Í ag 6.30p.m., 28 Deireadh Fómhair agus i Leabharlann agus Ionad Cultúrtha an Náis ag 12.30p.m., 31 Deireadh Fómhair.
- Earraí Ceannaíochta Inbhuanaithe le Dáileadh:
Ar an Déardaoin 30 Deireadh Fómhair beidh Richard Curtin, Oifigeach Feasachta Comhshaoil, Comhairle Contae Chill Dara in éineacht lena fhoireann ag Ionad Siopadóireachta Manor Mills, agus beidh boscaí múirín agus earraí inbhuanaithe á ndáileadh amach acu.
Ag labhairt di roimh an ócáid, dúirt Mary Morrissey, Oifigeach um Ghníomhú ar son na hAeráide, Comhairle Contae Chill Dara,“Tá tionchar ag na roghanna a dhéanaimid go laethúil ar thodhchaí inbhuanaithe a chruthú do na glúnta atá le teacht. Tá súil againn go dtacóidh an tSeachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide le daoine roghanna dearfacha a dhéanamh, agus le hathrú iompraíochta.”
Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar leathanach gréasáin maidir le Gníomhú ar son na hAeráide ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Dara ag: https://kildarecoco.ie/AllServices/ClimateAction/CommunicationMaterial/











