Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chill Dara le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí 2025
Tionscnamh a spreagann pobail le súil níos géire a chaitheamh ar an réimse seirbhísí saor in aisce a chuireann leabharlanna poiblí ar fáil.
Déanfaidh Seirbhís Leabharlainne Chill Dara agus leabharlanna eile ar fud na hÉireann Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí 2025 a cheiliúradh ar an Satharn, 27 Meán Fómhair.
Trí mheán an fheachtais náisiúnta seo, tugtar cuireadh don phobal “Breathnú Níos Géire” ar na seirbhísí nua-aimseartha, ionchuimsitheacha agus bríomhara a chuireann leabharlanna ar fáil. Leagtar béim ar ról na leabharlann, a bhíonn ag síorathrú i sochaí na hÉireann, agus ar áiteanna siamsaíochta, foghlama, ceangail, cruthaitheachta agus tacaíochta pobail iad.
Leagann feachtas na bliana seo béim ar an gcaoi a bhfuil ballraíocht leabharlainne saor in aisce agus ar fáil do chách, agus chomh maith leis sin, cuirtear le feasacht maidir leis an raon leathan seirbhísí atá ar fáil. Ní hamháin go bhfuil raon leathan leabhar bog agus crua ar fáil, trí mheán na leabharlann faightear rochtain saor in aisce ar ríomhleabhair, ríomh-chlosleabhair, ríomhnuachtáin, ríomhirisí agus cúrsaí ríomhfhoghlama, mar aon le cláir imeachtaí do gach aois, rochtain ar sheirbhísí priontála, agus spásanna cruthaitheacha agus staidéir. Is spásanna pobail atá fáilteach, inrochtana agus ionchuimsitheach iad leabharlanna poiblí a chuimsíonn seirbhísí agus spásanna do leanaí agus do dhaoine fásta atá néara-éagsúil, agus cothaíonn na leabharlanna folláine, foghlaim ar feadh an tsaoil agus ceangail do gach duine.
Is le teann bróid a chuireann Seirbhís Leabharlainne Chill Dara spás fáilteach, ionchuimsitheach ar fáil do gach uile dhuine inár bpobail, idir leanaí óga a chuirtear faoi dhraíocht ag seisiúin scéalaíochta, daoine atá ar scor a bhíonn ag freastal ar chlubanna leabhar, mhic léinn atá ag ullmhú do scrúduithe, agus daoine a bhíonn ag cuardach post agus a bhaineann úsáid as ár n-acmhainní digiteacha. Trí mheán na leabharlann, laghdaítear an t-uaigneas a bhraitheann daoine agus déantar daoine a chumhachtú, agus d’fhéadfaí sin a dhéanamh ar mhóran bealaí, mar shampla le trí nóiméad ciúnais agus tú ag léamh leabhair nó trí bheith ag freastal ar imeacht pobail bríomhar. Cuirimid fáilte chroíúil roimh gach duine le cuairt a thabhairt ar cheann ar bith dár leabharlanna ar Lá Oscailte na Leabharlann Poiblí, agus le hiniúchadh a dhéanamh am éigin ar gach a bhfuil le tairiscint ag Seirbhís Leabharlainne Chill Dara.
Dúirt Stuart Hamilton, Ceannasaí Forbartha Leabharlann na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil: “Tá leabharlanna poiblí tagtha chun cinn mar mhoil phobail bhríomhara a thacaíonn le foghlaim, cruthaitheacht, folláine agus ceangal. Chomh maith le leabhair, cuireann siad rochtain ar fáil ar sheirbhísí TF, uirlisí digiteacha, spásanna cruthaitheacha, agus cláir chuimsitheacha amhail an Ceart chun Léitheoireachta, Réaltaí an tSamhraidh, Am Teaghlaigh sa Leabharlann, Éire Shláintiúil i do Leabharlann agus Scileanna ar feadh an tSaoil.”
“Is deis é Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí le hiniúchadh a dhéanamh ar gach a bhfuil le tairiscint ag do leabharlann áitiúil. Cibé an bhfuil tú ag iarraidh rud éigin nua a fhoghlaim, nascadh le daoine eile, nó díreach a fháil amach cad atá ar fáil, is spásanna fáilteacha iad leabharlanna atá lán de dheiseanna.”
Spreagtar gach duine le páirt a ghlacadh sa chomhrá náisiúnta agus le húsáid a bhaint as na haischlibeanna #LáOscailteNaLeabharlanna agus #BreathnúNíosGéire.
Chun tuilleadh a fhoghlaim, tabhair cuairt ar https://kildarecoco.ie/Library/ .











