Óstálfaidh Comhairle Contae Chill Dara Lá Náisiúnta Súgartha 2025
Imeacht teaghlaigh saor in aisce in Áras Chill Dara, An Nás, Dé Sathairn 6 Meán Fómhair 2025
25 Lúnasa 2025: Tá Comhairle Contae Chill Dara ar bís agus sonraí faoin Lá Náisiúnta Súgartha 2025 á bhfógairt againn. Imeacht lán spraoi agus uilechuimsitheach a bheidh ann don teaghlach ar fad. Beidh an t-imeacht saor in aisce seo ar siúl in Áras Chill Dara, An Nás, Dé Sathairn 6 Meán Fómhair 2025 idir 12 i.n. agus 5 i.n.
Cuimseoidh an ócáid os cionn 30 gníomhaíocht laistigh agus lasmuigh, lena n-áirítear léirithe beo ar an stáitse. Beidh imeachtaí ar siúl a oirfidh do gach aoisghrúpa.
Cuirfear gnéithe inrochtaineachta ar fáil ar an lá lena n-áirítear: iontráil chiúin, bealaí isteach atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí, seomra um chéadfaí agus leithris inrochtana. Tugann chuile mhodh súgartha, fóillíocht agus áineas, tacaíocht do leanaí le hiniúchadh a dhéanamh, le forbairt agus le foghlaim.
Tá an ócáid á reáchtáil le breis agus 10 mbliana anuas agus freastalaíonn slua mór ar Lá Súgartha Chill Dara chuile bhliain. Mar sin, táimid ag súil le lá bríomhar eile ag Áras Chill Dara i mbliana. Comhairle Contae Chill Dara, mar aon le hoibrithe deonacha, éascaitheoirí ceardlainne, siamsóirí agus seirbhísí éigeandála a chuirfidh an lá taitneamhach spreagúil lán spraoi seo ar fáil.
Ba mhaith le Comhairle Contae Chill Dara cuireadh ó chroí a thabhairt duit féin agus do do theaghlach le bheith in éineacht linn ag ócáid na bliana seo. Cuirfear gach gníomhaíocht agus páirceáil ar fáil saor in aisce ar an láthair agus beidh bia agus deochanna ar fáil lena gceannach. Tá súil againn go bhfeicfimid ann tú.











