Fógraíonn Comhairle Contae Chill Dara go mbeidh clár léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh ag filleadh arís
Tugann Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chill Dara mar aon le leabharlanna poiblí ar fud na tíre cuireadh arís eile do leanaí sna aoisghrupaí ar fad le tumadh i sonas na léitheoireachta tríd an gClár Léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh, atá seolta go hoifigiúil don bhliain 2026.
Is clár náisiúnta saor in aisce é Réaltaí an tSamhraidh a spreagann leanaí le bheith ag léamh ar mhaithe le spraoi le linn laethanta saoire scoile. Is féidir le leanaí páirt a ghlacadh trína rogha leabhar, closleabhar, pictiúrleabhar nó úrscéalta grafacha a léamh, ar luas a oireann dóibh féin. Beidh deis ag rannpháirtithe a gcuid léitheoireachta a rianú, spriocanna pearsanta a leagan síos agus páirt a ghlacadh sna céadta imeachtaí agus gníomhaíochtaí spraíúla i leabharlanna ar fud na tíre. Ag deireadh an tsamhraidh, bronnfar teastas rannpháirtíochta ar na leanaí ar fad a ghlacann páirt sa chlár.
Is féidir le leanaí clárú agus iad ar cuairt go dtí a leabharlann áitiúil féin nó i leabharlann ar bith ar fud na tíre.
Tá bailiúchán speisialta Réaltaí Samhraidh ar fáil freisin ar BorrowBox, an aip leabharlainne saor in aisce trína gcuirtear ríomhleabhair agus closleabhair ar fáil do gach ball leabharlainne.
Mar chuid den tionscnamh, óstálfaidh leabharlanna poiblí uile na hÉireann raon leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí, lena n-áirítear amanna scéalaíochta, ceardlanna, cluichí, agus go leor eile. Moltar do theaghlaigh a leabharlann áitiúil a leanúint ar na meáin shóisialta chun coinneáil cothrom le dáta lena bhfuil ag tarlú ina gceantar féin.
Dúirt Stuart Hamilton, Ceann Forbartha na Leabharlann don Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA): “Le linn thréimhse an tsamhraidh, tugtar deis iontach do leanaí sonas na léitheoireachta a bhlaiseadh chomh maith leis na seirbhísí iontacha atá dírithe ar leanaí agus ar fáil inár leabharlanna. Áirítear ina measc sin scéalta, léamha údair, cluichí, ceolchoirmeacha, na healaíona agus ceardaíocht agus neart eile. Cuireann an clár Réaltaí an tSamhraidh ar chumas leanaí, agus ar chumas a dtuismitheoirí, léargas a fháil ar shaol na cruthaitheachta, na samhlaíochta, na fionnachtana, na heachtraíochta agus na foghlama spraíúla. Cuireann sé béim ar an spraoi sa saol le linn mhíonna an tsamhraidh agus cothaíonn sé an fhoghlaim chruthaitheach le linn na laethanta saoire. Trí bheith ag tacú le leanaí sonas na léitheoireachta a bhlaiseadh, tacaíonn na leabharlanna leo scileanna don saol a fhorbairt - scileanna litearthachta, samhlaíochta agus cruthaitheachta, agus déantar grá fadsaoil sa léitheoireacht a fhorbairt.”
Tá ballraíocht i ngach leabharlann phoiblí saor in aisce agus ar fáil do chuile aoisghrúpa. Is féidir ballraíocht nua a shocrú ar líne nó i bpearsa. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le ballraíocht agus maidir le clár Réaltaí an tSamhraidh, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Leabharlanna Éireann: https://www.librariesireland.ie/










