Fógraíonn Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chill Dara rannpháirtíocht sa Chlár Scileanna ar Feadh an tSaoil
Is le teann bróid a fhógraíonn Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chill Dara a rannpháirtíocht i Scileanna ar Feadh an tSaoil, tionscnamh nua a bheidh ar fáil ar fud na tíre agus a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le daoine scileanna riachtanacha saoil a fhorbairt. Cuirtear an clár i bhfeidhm ar fud sheirbhísí leabharlainne uile na n-údarás áitiúil in Éirinn agus tá sé saor in aisce do gach duine.
Cuireann an clár Scileanna ar Feadh an tSaoil tacaíocht phraiticiúil ar fáil feadh sé réimse phraiticiúla:
- Ag tacú le daoine aonair chun scileanna digiteacha bunúsacha a fhorbairt i dtaca le ghnáth-thascanna a dtugtar fúthu ar bhonn laethúil
- Tuiscint ar chúrsaí airgid a fheabhsú le haghaidh bainistíocht airgid níos fearr
- Tuiscint ar na meáin a fhorbairt le cur ar do chumas teacht ar eolas ar líne ar bhealach atá sábháilte
- Treoir a chur ar fáil maidir le scileanna fostaíochta agus gnó
- Feasacht sláinte a chur chun cinn ionas go mbeidh daoine ábalta cinntí a dhéanamh ar bhonn eolach
- Maireachtáil inbhunaitheach a spreagadh agus oideachas comhshaoil á chur ar fáil.
I measc na n-imeachtaí a cuireadh ar fáil go dtí seo bhí ceardlanna cothabhála rothar, ranganna ióga cathaoireach, ceardlanna anála, agus FibreFest a reáchtáladh i Leabharlann & Ionad Cultúrtha an Náis le linn Sheachtain na hOidhreachta.
Dúirt Amye Quigley, Leabharlannaí i Leabharlann Dhroichead Nua: “Is spásanna beoga fáilteacha iad leabharlanna an lae inniu ina dtagann daoine le chéile ní hamháin chun bheith ag léamh, ach chun bheith ag foghlaim, chun dul i mbun rannpháirtíochta agus chun scileanna nua a shealbhú. Tríd an gclár Scileanna ar feadh an tSaoil, tugtar deis dúinn bualadh lenár bpobal in áit a oireann dóibh féin, agus tugtar tacaíocht phraiticiúil maidir le dúshláin choitianta. Is spásanna iontaofa, cuimsitheacha iad leabharlanna inar féidir le daoine de gach aois agus ó gach cúlra rochtain a fháil ar thacaí a theastaíonn uathu chun dul i ngleic le dúshláin choitianta agus chun a gcuid spriocanna a bhaint amach. Tá sé mar aidhm ag an gclár daoine aonair a chumhachtú le cothú muiníne agus le sealbhú scileanna chun go mbeidh rath orthu i saol an lae inniu.”
Tá an clár mar chuid den straitéis Is í an Leabharlann an Áit 2023 – 2027 de chuid na leabharlann poiblí náisiúnta agus is léiriú í ar ról méadaithe na leabharlann mar mhoil foghlama fad saoil a bhfuil iontaoibh an phobail iontu. Tá sé leagtha amach ar bhealach solúbtha, ionas go mbeadh deis ag gach leabharlann seachadadh an chláir a chur in oiriúint do riachtanais an phobail agus ceardlanna, acmhainní coimeádta, cainteanna le saineolaithe agus comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí pobail a chur ar fáil.
Dúirt Stuart Hamilton, Ceannasaí ar Fhorbairt Leabharlainne don Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúi (LGMA): “Is forbairt shuntasach atá i Scileanna ar Feadh an tSaoil maidir leis an mbealach a dtacaíonn leabharlanna le foghlaim fad saoil agus folláine pobail. Táimid ag cabhrú le daoine na huirlisí cuí a bheith acu chun tabhairt faoin saol nua-aimseartha go muiníneach, agus tá na hacmhainní inrochtana, saor in aisce á gcur ar fáil againn ar fud príomhréimsí ar nós na tuisceana litearthachta agus scileanna fostaíochta. Is léiriú é an tionscnamh seo ar fhíordhualgas na leabharlainne maidir le hionchuimsitheacht, deiseanna agus seirbhís phoiblí. Is áiteanna a bhfuil muinín an phobail iontu iad na leabharlanna agus táimid ag neartú a róil mar chrann taca pobail le haghaidh na foghlama, fáis agus acmhainneachta mar chuid den chlár seo.”
Leis an gclár Scileanna ar Feadh an tSaoil, cuirtear deiseanna ar fáil do gach duine trí mheán téamaí a bhfuil tionchar acu ar ghnáthshaoil daoine, idir úsáideoirí leabharlainne ar mhaith leo scileanna praiticiúla a fhorbairt, dhaoine atá ag lorg fostaíochta agus foghlaimeoirí aosta a bhfuil teacht acu ar acmhainní maidir le fostaíocht agus litearthacht dhigiteach. Is féidir le grúpaí pobail agus seirbhísí tacaíochta caidreamh a chothú le leabharlanna agus d’fhéadfadh Scileanna ar Feadh an tSaoil, cabhrú lena mball muinín agus neamhspleáchas a chothú. Is féidir le haosaigh óga tacaíocht a fháil agus iad ag dul i ngleic leis an saol nua-aimseartha agus ábhair ar nós na meán agus feasacht sláinte agus digiteacha idir lámha acu. Chomh maith leis, daingníonn Scileanna ar Feadh an tSaoil ról na leabharlann mar áiteanna fáilteacha don fhoghlaim, don chumasú agus don fhorás pearsanta.
Má tá eolas breise uait tabhair cuairt ar kildarecoco.ie/library agus lean muid ar na meáin shóisialta, cláraigh lenár nuachtlitir nó déan teagmháil le do leabharlann áitiúil le haghaidh tuilleadh eolais.











