Seolann Comhairle Contae Chill Dara Clár Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2025
Ar fud na tíre ón Satharn 16 Lúnasa go dtí an Domhnach 24 Lúnasa
7 Lúnasa 2025: Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Chill Dara liosta na n-imeachtaí atá deimhnithe do Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta 2025 a fhógairt. Seo an 20ú bliain de Sheachtain na hOidhreachta agus téama na bliana 2025 ná “Ár mBunchlocha a Fhiosrú”.
Tá imeacht éigin ar chlár na bliana seo a oirfidh do gach aon duine, agus beidh os cionn 80 imeacht ar siúl ar fud Chontae Chill Dara i rith na seachtaine.
Tá roinnt imeachtaí a léiríonn an cheardaíocht agus an oiliúint ar an gclár agus tá sé mar aidhm ag na himeachtaí sin sainmhíniú an fhocail ‘Oidhreacht’ a léiriú, is é sin ‘na cleachtais, an t-eolas agus na scileanna a tugadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin agus a úsáidtear sa lá atá inniu ann’. Tá gnéithe oidhreachta a mbaineann tábhacht náisiúnta leo ar nós líonra na gcanálacha (ina bhfuil An Chanáil Mhór agus An Chanáil Ríoga agus Bealach Loingseoireachta na Bearú) ar an gclár freisin. Léiríonn imeachtaí eile na hoibreacha caomhnaithe a rinneadh chun foirgnimh a mbaineann tábhacht stairiúil leo a chothabháil ionas go mairfidh siad amach anseo.
Tá na himeachtaí seo a leanas i measc na mbuaicphointí:
- Túr Alúine, Cnoc Alúine – Imeacht seachtaine
- Eispéaras Tumthach Tailte Móna, Mainistir Eimhín - Imeacht seachtaine
- Scéal Míleata an Churraigh, Músaem Míleata an Churraigh – Imeacht seachtaine
- Maidin Leamhan, Maigh Nuad – Dé Sathairn 16 Lúnasa
- Turas ar Thalamh Adhlactha na gCaecar, Béal Átha an Tuair - Dé Sathairn 16 Lúnasa
- Siúlóid Threoraithe timpeall Loch Bhaile na Faiche – Dé Máirt 19 Lúnasa
- Ag Nascadh le Chéile tríd an gCeol Traidisiúnta agus Damhsa, Claonadh - Dé Máirt 19 Lúnasa
- Spraoi na hOidhreachta, Leabharlann Phoiblí Léim an Bhradáin – Dé Céadaoin, 20 Lúnasa
- Stair Ghraí Náisiúnta na hÉireann, Baile Chill Dara - Dé Céadaoin 20 Lúnasa
- Ceardlann Tógála Bád, Cuan/Caladh an Náis - Dé Céadaoin 20 Lúnasa
- Seal le Ré Ó Laighléis, Leabharlann Phoiblí Bhaile Chill Dara – Déardaoin 21 Lúnasa
D’fháiltigh Cathaoirleach Chontae Chill Dara, an Comhairleoir Carmel Kelly roimh an ócáid agus dúirt sí: Tugann Seachtain na hOidhreachta deis iontach do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí áitiúla araon lena n-oidhreacht áitiúil a léiriú - oidhreacht a bhfuil siad bródúil aisti agus is cinnte go bhfuil cúis mhaith leis an mbród sin. Go minic, is ar bhonn deonach a dhéanann daoine díograiseacha agus tiomanta sár-iarrachtaí, agus léiríonn na hiarrachtaí sin gur freagracht chomhroinnte í cosaint na hoidhreachta agus go bhfuil muintir Chontae Chill Dara lándáiríre faoin bhfreagracht sin.
Táim ag súil le freastal ar chuid de na himeachtaí. Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar imeachtaí na bliana seo agus orthu siúd atá á n-eagrú. Ba mhaith liom gach duine a spreagadh le dul amach agus le taitneamh a bhaint as oidhreacht shaibhir Chill Dara.”
D’áitigh Dara Wyer, Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Chill Dara: “Tugann Seachtain na hOidhreachta deis dúinn go léir le páirt a ghlacadh i gcuid de na himeachtaí nó tionscnaimh (tuairim is 80 díobh) atá á n-eagrú ag grúpaí pobail chun an oidhreacht áitiúil a chur i láthair agus a mhíniú agus chun eolas a fháil ar shaibhreas oidhreachta iontach suimiúil ár gcontae. Is deis iontach í Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta chun léargas a thabhairt ní hamháin ar ár n-oidhreacht ach ar obair na gcéadta oibrithe deonacha i gCill Dara a thugann a gcuid ama agus a gcuid eolais chun an oidhreacht sin a chaomhnú agus a chur chun cinn.”
Dúirt Alan Dunney, Stiúrthóir Seirbhíse, Comhairle Contae Chill Dara: “Is ábhar iontais dom líon agus éagsúlacht na n-imeachtaí a bheidh ar siúl le linn Sheachtain na hOidhreachta i mbliana. Tá imeachtaí ar siúl fud fad an chontae, tá go leor acu eagraithe ag grúpaí staire, oidhreachta agus Bailte Slachtmhara agus é mar aidhm acu an oidhreacht áitiúil acu a léiriú. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na grúpaí seo as a ndíograis agus as a gcuid fuinnimh a thugann siad do Sheachtain na hOidhreachta gach bliain.”
Tá an chuid is mó de na himeachtaí saor in aisce, ach moltar iad a chur in áirithe roimh ré. D'fhéadfadh roinnt imeachtaí a bheith ag brath ar an aimsir agus d’fhéadfadh go mbeadh cuid acu ar siúl ar thalamh nach bhfuil cothrom, mar sin moltar do dhaoine éadaí agus bróga oiriúnacha a chaitheamh. Chun teacht ar na sonraí iomlána agus chun spás(anna) a chur in áirithe, tabhair cuairt ar: https://kildarecoco.ie/Gach Seirbhís/Oidhreacht/PobalOidhreacht-GetInvolvedinOidhreacht/OidhreachtSeachtain/
nó
An Chomhairle Oidhreachta agus Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil a chomhordaíonn an tionscadal seo agus tacaíonn an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta leis, agus is é is aidhm don tionscadal tuiscint agus feasacht níos fearr ar ár n-oidhreacht áitiúil féin a chothú.











