Seolann Comhairle Contae Chill Dara an tionscnamh Gaeilge Scéim na bhFáinní
Tionscnamh nua chun úsáid na Gaeilge labhartha i rang a sé a spreagadh
28 Samhain 2025: Faoi láthair, tá Comhairle Contae Chill Dara ag fáiltiú roimh léirithe spéise ó bhunscoileanna ar mian leo páirt a ghlacadh i dtionscnamh nuálach pleanála Gaeilge, Scéim na bhFáinní 2026.
Coiste Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara a d’fhorbair an scéim seo a chuirfear i bhfeidhm le tacaíocht ó Chill Dara le Gaeilge agus ó Chonradh na Gaeilge. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo scoileanna a spreagadh chun úsáid na Gaeilge a mhéadú i measc daltaí i rang a sé agus iad ag fáil faoi réir don aistriú tábhachtach go dtí leibhéal an iar-bhunoideachais.
Chun páirt a ghlacadh sa scéim, iarrtar ar mhúinteoirí clár sé seachtaine a éascú chun an méid Gaeilge a labhraítear a mhéadú sna ceithre seachtaine roimh Sheachtain na Gaeilge agus le linn Sheachtain na Gaeilge. Tá an Fhoghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teanga mar chuid lárnach den chlár m.sh. Ealaín trí Ghaeilge, Corpoideachas trí Ghaeilge, Ceol trí Ghaeilge is araile. Mar chuid den chlár, tabharfaidh daltaí rannpháirteacha faoi dhá thionscnamh dá rogha féin a mbeidh an Ghaeilge fite fuaite iontu. D’fhéadfadh ábhair mar na hábhair seo a leanas a bheith san áireamh:
- Taighde a dhéanamh ar bhunús Gaeilge Logainmneacha Áitiúla
- Seanfhocail agus Nathanna Cainte a bhailiú
- Dráma Gaeilge a chur ar stáitse
- Coinní Puipéad as Gaeilge a óstáil
- Méimeanna Gaeilge a chruthú
Le linn Sheachtain na Gaeilge 2026, nuair a bheidh tionscnaimh Scéim na bhFáinní curtha i gcrích go rathúil, bronnfar Fáinne Gaeilge ar na daltaí rannpháirteacha agus gheobhaidh a gcuid scoileanna Teastas Scéim na bhFáinní.
Ag labhairt di ag an ócáid, dúirt Cathaoirleach Chontae Chill Dara, an Comhairleoir Carmel Kelly: “Is cúis bhróid do Chomhairle Contae Chill Dara Scéim na bhFáinní a sheoladh. Trí mheán na scéime, déantar oidhreacht shaibhir na Gaeilge a cheiliúradh agus cuirtear ar chumas daltaí rang a sé an Ghaeilge labhartha a úsáid níos minice le linn gach lae. Trí bheith ag tacú le tionscnaimh chruthaitheacha agus trí úsáid neamhfhoirmiúil na Gaeilge a spreagadh, tá súil againn go gcothófar muinín na ndaltaí, chomh maith le nasc feadh an tsaoil lenár dteanga náisiúnta a spreagadh do dhaltaí atá ag ullmhú don aistriú chuig an leibhéal iar-bhunoideachais. Molaimse tiomantas ár gcuid scoileanna, ár múinteoirí agus ár gcomhpháirtithe a rinne a gcion féin chun an scéim seo a chur ar fáil do dhaoine óga i gContae Chill Dara.”
Dúirt an Comhairleoir Noel Connolly, Cathaoirleach Choiste Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara: “Tá an Coiste Gaeilge reatha tar éis tógáil ar an scéim phíolótach agus ar an taighde a bhí déanta ag an gCoiste Gaeilge roimhe seo, agus tá ríméad orainn Scéim na bhFáinní a chur ar fáil anois do suas le 20 scoil ar fud Chontae Chill Dara. Is iontach an rud é tacaíocht a fháil ó Chonradh na Gaeilge agus ó Chill Dara le Gaeilge, agus táimid ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar scoileanna agus bualadh le múinteoirí agus daltaí ar fud an chontae le linn Sheachtain na Gaeilge, le foghlaim faoi na tionscnaimh éagsúla Scéim na bhFáinní agus leis na Fáinní Gaeilge a bhronnadh ar na daltaí. Leis an seanfhocal Gaeilge ‘Mol an Óige agus Tiocfaidh Sí’, moltar dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí daoine óga agus, ar an gcaoi seo, spreagaimid agus cothaímid an t-aos óg. Creideann baill Choiste Gaeilge go leiríonn an seanfhocal seo éiteas agus cuspóir Scéim na bhFáinní go cuí.”
Dúirt Muireann Ní Bheaglaoich, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara: “Oibríonn daltaí go crua agus iad ag iarraidh an Ghaeilge a shealbhú sa bhunscoil – déanann siad na briathra a chleachtadh sna haimsirí difriúla, foghlaimíonn siad stór focal nua, dánta, amhráin agus go leor eile. Trí mheán Scéim na bhFáinní, ba mhaith linn daltaí a spreagadh le tabhairt faoin teanga bheo. Is cuid lárnach den churaclam bunscoile í ‘An Ghaeilge Neamhfhoirmiúil’, agus beidh tionchar dearfach ag úsáid mhéadaithe na Gaeilge lasmuigh de ‘am sceidealaithe Gaeilge’ ar mhuinín na ndaltaí i rang a sé. Beidh na daltaí seo ag aistriú go dtí curaclam Gaeilge na hiar-bhunscoile go luath agus is mór an léim í sin. Tacóidh rannpháirtíocht i Scéim na bhFáinní le múinteoirí agus le daltaí araon agus iad ag ullmhú don aistriú úd.”
Dúirt Daithí de Faoite, Cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge: “Is mar dhuine fásta a bhain mé amach líofacht sa Ghaeilge, teanga atá ar cheann de na teangacha beo is sine san Eoraip. Is le teann bróid a labhraímse Gaeilge, go háirithe agus mé gar don bhaile i gContae Chill Dara. Cothaíonn labhairt na Gaeilge nasc leis an am atá thart, lenár n-oidhreacht náisiúnta, agus tugann sí léargas dúinn ar ár logainmneacha agus ar ár stair. Cothaítear nasc ó ghlúin go glúin lenár sinsir. Nuair a chaitear an Fáinne tugtar cuireadh do dhaoine le bheith páirteach sa nasc sin, cuma más cainteoir líofa nó foghlaimeoir thú. Tá Cill Dara le Gaeilge an-bhródúil as bheith ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae Chill Dara, le Conradh na Gaeilge agus lenár scoileanna áitiúla agus an tionscnamh seo á sheoladh. Léiríonn caitheamh an Fháinne spéis i labhairt na Gaeilge agus tá súil againn go nascfaidh sé daltaí óga leis an nGaeilge mar theanga atá beo agus beathach lasmuigh den seomra ranga. Is cuireadh é seo le páirt a ghlacadh i dturas faoi leith, agus le léargas a fháil ar bhealach nua, bealach eile le rudaí a chur in iúl agus a thuiscint.”
Dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha, Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá áthas orainn i gConradh na Gaeilge a bheith ag obair i gcomhar le Comhairle Contae Chill Dara agus Cill Dara le Gaeilge chun Scéim na bhFáinní a chur ar fáil sna scoileanna ar fud Chill Dara. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh taithí dhearfach, thaitneamhach ag daltaí leis an nGaeilge, go háirithe ag leibhéal na bunscoile, agus cuidíonn an scéim seo leis sin a chur i gcrích. Trí úsáid laethúil na Gaeilge a spreagadh i dtimpeallacht spraíúil agus thacúil, cuirtear le muinín na ndaltaí agus neartaítear a nasc lenár dteanga álainn. Is tionscnamh iontach é seo do scoileanna Chill Dara, agus táimid bródúil as a bheith ag tacú leis.”
Is féidir le príomhoidí scoileanna léirithe spéise a dhéanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig teangabheo@kildarecoco.ie faoi 3:00 p.m. Dé Luain, 12 Eanáir 2026, agus ní mór na sonraí seo a leanas a bheith san áireamh:
- Ainm na scoile agus ainm(neacha) an mhúinteora/na múinteoirí rang a sé a d’éascódh an tionscnamh.
- Míniú gairid ar an dóigh a mbainfeadh daltaí i rang a sé i do scoilse tairbhe as páirt a ghlacadh i Scéim na bhFáinní.
- Líon na ndaltaí atá cláraithe i rang a sé sa scoil faoi láthair.
Dáilfear áiteanna ar 20 scoil bunaithe ar na freagraí a thugtar ar cheist 2, agus déanfar an líon céanna áiteanna a dháileadh sna Ceantair Bhardasacha uile.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Scéim na bhFáinní, déan teagmháil le hOifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara ag OGILO@kildarecoco.ie nó ar an nguthán ag 045 980941.
.jpg)
.jpg)











