Seolann Comhairle Contae Chill Dara clár spreagúil d'Oíche Chultúir 2025
Le teann lúcháire a fhógraíonn Comhairle Contae Chill Dara an clár bríomhar a bhfuil beagnach 70 imeacht cultúrtha air a bheidh ar siúl ar fud Chontae Chill Dara ar Oíche Chultúir 2025, Dé hAoine 19 Meán Fómhair 2025 ó 4pm go dtí déanach. Tá tacaíocht deontais curtha ar fáil ag Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Chill Dara do roinnt tionscadal spreagúil poiblí, a chuimsíonn foirmeacha ealaíne éagsúla agus a bheidh ar siúl fud fad an chontae d’Oíche Chultúir 2025, lena n-áirítear ceol beo, taibhiú, filíocht agus fiú turas bus ealaíne poiblí!
Ócáid bhliantúil phoiblí ar fud an oileáin is ea an Oíche Chultúir, nóiméad náisiúnta atá ann a thugann léargas ar gach gné den chultúr, den chruthaitheacht agus de na healaíona. Féachann sé leis an dearcadh seo a chur chun cinn go gníomhach - go bhfuil an cultúr saibhir éagsúil seo beo, luachmhar agus cothaithe i saol na ndaoine, sa lá atá inniu ann agus gach uile lá. Cuirtear an clár ar fáil i gcathracha, i mbailte, i sráidbhailte, in áiteanna faoin tuath agus ar líne agus trí chomhpháirtithe meán Oíche Chultúir. Osclófar doirse ó 4pm go dtí déanach, agus beidh imeachtaí speisialta agus uathúla ar siúl ag láithreacha rannpháirteacha. Tá na gníomhaíochtaí uile ar fáil don phobal saor in aisce agus tabharfar deis don lucht féachana gníomhaíochtaí cultúrtha éagsúla a cheiliúradh agus páirt iomlán a ghlacadh iontu.
Gach bliain, glacann na mílte grúpaí agus daoine aonair páirt in Oíche Chultúir fud fad Chill Dara. Le cúpla mí anuas tá ríméad orainn iarratais a fháil, ó gach cearn den chontae, uathu siúd ar mian leo a gcuid tallainne, cultúr, cruthaitheacht agus spéiseanna a roinnt le cách ar an Aoine, 19 Meán Fómhair. Léiríonn clár na bliana seo éagsúlacht na n-ealaíon agus an chultúir i gCill Dara agus cuirtear clár ar fáil a chothaíonn an oscailteacht agus a spreagann rannpháirtíocht, a léiríonn meas ar chomhionannas, cuimsiú, inrochtaineacht agus éagsúlacht. Oíche amháin do chách atá ann!
Beidh clár iomlán na n-imeachtaí agus na n-ionad rannpháirteach d'Oíche Chultúir Chill Dara 2025 ar fáil ar www.culturenight.ie/kildare
COIMISIÚIN OÍCHE CHULTÚIR
- Would you like to live it, Love? Léamh cleachtaithe atá anseo trína dtabharfar léargas don lucht féachana ar lá i saol bean den Lucht Siúil i gContae Chill Dara. Kildare Traveller Action, Bóthar na Tulaí, Baile Chill Dara, 4.30-5:00 p.m.
- Cuirfidh an giotáraí Max Zaska agus a bhanna 6-phíosa ZASKA seó ardfhuinnimh ar fáil ina mbeidh ceol corraitheach agus damhsa óna 3ú albam stiúideo NECTAR a eiseofar go luath. The Woodstack Café, Mainistir Eimhín, 7-8.45 p.m.
- Cuirfidh Scoil Cheoil ‘Sing Up Speak Out’ Live in the Garden ar taispeáint, agus tabharfar amhránaithe, damhsóirí, cumadóirí amhrán, filí, ceoltóirí agus ealaíontóirí áitiúla le chéile. Gairdín Pobail Chill Choca, Bóthar na Cúirte, Cill Choca, 6.30-9:00 p.m.
- Imeacht de chuid Capella Productions is ea Soundings atá spreagtha ag an leabhar filíochta scoile íocónach, ag a mbeidh léamha filíochta fite fuaite le machnamh pearsanta agus léirithe ceoil ó na 1960idí go dtí deireadh na 1990idí. Leabharlann Bhaile Átha Í, 8:00-9.30pm
- Ag bualadh bóthair ón Nás, tabharfaidh an Speisialtóir Ealaíne Poiblí, Rina Whyte, ar thuras de shaothair ealaíne poiblí i gCo. Chill Dara agus sa cheantar máguaird tú! Gabhfaidh an Turas Bus Ealaíne Poiblí thar chuid de na saothair éagsúla ealaíne poiblí i gContae Chill Dara agus ina thimpeall. Ag fágáil ón Nás, 6:00-8.15pm
Ar mhaithe leis an díomá a sheachaint, seiceáil leis an ionad/leis an eagraí an gá áirithint a dhéanamh roimh ré.
Bí páirteach sa chomhrá ar Chainéil Meáin Shóisialta Sheirbhís Ealaíon Chill Dara:
Instagram: @arts_in_co_kildare/ Facebook: @kildareartsservice/ X: @ArtsInCoKildare
#CultureNight #OícheChultúir
#OneNightForAll #OícheDárSaol
Má tá aon cheist agat, téigh i dteagmháil le Comhordaitheoir Oíche Chultúir Chill Dara, Sheena Malone ag culturenightkildare@gmail.com, nó glaoigh ar +353 (0)45 980872.
An Chomhairle Ealaíon i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí cultúrtha ar fud oileán na hÉireann a chuireann Oíche Chultúir ar fáil.











