Fógraíonn Comhairle Contae Chill Dara Uaireanta Oscailte Sínte don Leabharlann i gCill Chuillinn
18 Márta 2026: Tá áthas ar Sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chill Dara a fhógairt go mbeidh Leabharlann Chill Chuillinn ag cur leis na huaireanta oscailte ón gCéadaoin, 18 Márta 2026
Beidh an leabharlann ar oscailt cúig lá sa tseachtain as sin amach, ó Mháirt go Satharn, a chuirfidh 13 n-uair an chloig agus 15 nóiméad de sheirbhís sa bhreis ar fáil gach seachtain.
Uaireanta Oscailte Athbhreithnithe Leabharlann Chill Chuillinn:
- Dé Luain: Dúnta
- Dé Máirt: 10.00 am -1.00 pm agus 2.00 pm - 5.00 pm
- Dé Céadaoin: 10.00 am - 1.00 pm
- Déardaoin: 1.30 pm - 5.00 pm agus 5.45 pm - 8.00 pm
- Dé hAoine: 10.00 am - 1.00 pm agus 2.00 pm - 5.00 pm
- Dé Sathairn: 10.00am - 1.00pm agus 2.00pm - 5.00pm
- Dé Domhnaigh: Dúnta
Leiríonn an síneadh seo infheistiú leanúnach Chomhairle Contae Chill Dara i seirbhísí leabharlainne fud fad Chontae Chill Dara.











