Fógra breithniú Scéim chun Rátaí a Thaobhadh
Déantar foráil shonrach in Alt 9 d’Acht Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile 2019 go bhféadfaidh comhaltaí tofa údaráis áitiúil scéim a dhéanamh lena bhforáiltear do tharscaoileadh rátaí, agus go gceadófar scéim den sórt sin ag cruinniú údaráis áitiúil.
Breithneoidh Comhairle Contae Chill Dara scéim lena bhforáiltear maithiúnas rátaí, a bheidh i bhfeidhm sa bhliain airgeadais áitiúil 2026, eadhon scéim maithiúnas dreasachta tráchtála a fhorálann maithiúnas trí bliana ar chéatadán de rátaí tráchtála fiontraithe/gnólachtaí incháilithe a áitíonn maoin atá folamh ar feadh tréimhse dhá bhliain ar a laghad.
Fáiltíonn Comhairle Contae Chill Dara roimh aighneachtaí i scríbhinn ón bpobal ar an ábhar seo, go háirithe maidir le héifeachtaí féideartha scéime lena ndéantar foráil maidir le tarscaoileadh rátaí ar ghnólachtaí, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí údaráis áitiúil.
Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoi mheán lae Déardaoin, 31 Iúil 2025 agus iad a dhéanamh 1) trí shuirbhé ar líne a chomhlánú ag https://consult.kildarecoco.ie nó 2) tríd an phost chuig an Oifigeach Riaracháin, Rannóg na Rátaí Tráchtála, An Roinn Airgeadais, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Contae Chill Dara, W91X77F nó 3) trí ríomhphost rates@kildarecoco.ie
Sonya Kavanagh Príomhfheidhmeannach
Dáta: Dé Máirt,15 Iúil 2025