An Rannóg um Chothabháil Tithe
Scéim Tacaíochta do Thionóntaí 2026
Fáiltítear roimh iarratais ar an Scéim Tacaíochta do Thionóntaí 2026
Ní mór duit a bheith i do thionónta de chuid Chomhairle Contae Chill Dara chun a bheith incháilithe iarratas a dhéanamh agus ní mór do chuntas cíosa a bheith cothrom le dáta.
Is é cuspóir na scéime seo cabhrú le tionóntaí Údaráis Áitiúil oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar a dteach.
- Is féidir an Scéim Tacaíochta do Thionóntaí a úsáid chun fuinneoga agus doirse lochtacha, aonaid cistine lochtacha nó córais téimh a athsholáthar, nó le haghaidh mionoibreacha eile.
Tabharfar tosaíocht d’oibreacha feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh amhail gloiniú, insliú, teaschaidéil nua is araile.
Is féidir foirmeacha iarratais agus sonraí breise a iarraidh anois ó;
- Seirbhísí Custaiméara Chomhairle Contae Chill Dara 045-980200.
- An Rannóg Tithíochta 045-980998.
- Ríomhphost: tenantsupportscheme@kildarecoco.ie
- Suíomh Gréasáin: https://kildarecoco.ie/AllServices/Housing/TenantInformation/
Ní mór iarratais chomhlánaithe agus meastacháin a sheoladh ar ais chuig an Scéim Tacaíochta do Thionóntaí 2024, Cothabháil Tithíochta, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co.Chill Dara, faoi am dúnta gnó Dé hAoine, 15 Bealtaine 2026 faoi 5:00 p.m.
Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha nó neamhiomlána.










.jpg)
