Síneadh ar thréimhse an phlean do Phlean Ceantair Áitiúil Léim an Bhradáin 2020-2023 (arna shíneadh agus arna leasú)
De réir Alt 81 den Acht um Phleanáil agus Forbairt 2024, (arna leasú), ghlac Comhaltaí Chomhairle Contae Chill Dara ag a gCruinniú Speisialta den Chomhairle, Dé Céadaoin an 25 Márta 2026, leis an rún seo a leanas.
“Síneadh a chur le saolré Phlean Ceantair Áitiúil Léim an Bhradáin 2020-2023 (arna shíneadh agus arna leasú) ar feadh 3 bliana eile (i.e. go dtí an 30 Márta 2029), de réir fhoráil Alt 81 den Acht um Phleanáil agus Forbairt, 2024 (arna leasú), d’fhonn cinnteacht agus soiléireacht a sholáthar chun cuspóirí straitéiseacha Phlean Ceantair Áitiúil Léim an Bhradáin 2020-2023 (arna shíneadh agus arna leasú) a dhaingniú, atá i gcomhréir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair”.











