Fógra Poiblí
Fógra Glactha le hAthrú Uimh. 3 de
Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú)
Tugtar fógra leis seo, de bhun Alt 13 den Acht um Phleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), gur ghlac Comhairle Chontae Chill Dara, ag cruinniú ar Dé Luain, 27 Aibreán 2026, le hAthrú Uimh. 3 de Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023-2029 (arna athrú).
Is é an chúis atá le hAthrú Uimh. 3 ná Plean Forbartha an Chontae a ailíniú le Treoirlínte an Aire a foilsíodh de réir Alt 28 den Acht um Phleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú). Is iad na treoirlínte ábhartha:
- Cur i bhFeidhm an NPF: Riachtanais Fáis Tithíochta – Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2025), a foilsíodh chun éifeacht a thabhairt don Chéad Athbhreithniú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála (2025),
- Forbairt Cónaithe Inbhuanaithe agus Lonnaíochtaí Dlútha – Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2024).
Fógra Glactha le hAthrú Uimh. 4 (Measúnú ar Shaintréithe Tírdhreacha)
de Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023 – 2029 (arna athrú)
Tugtar fógra leis seo, de bhun Alt 58 den Acht um Phleanáil agus Forbairt 2024 (arna leasú), gur shocraigh Comhairle Chontae Chill Dara, ag cruinniú ar Dé Luain, 27 Aibreán 2026, Athrú Uimh. 4 (Measúnú ar Shaintréithe Tírdhreacha) a dhéanamh ar Phlean Forbartha Chontae Chill Dara 2023 – 2029 (arna athrú).
Cuireann Athrú Uimh. 4 an Measúnú ar Shaintréithe Tírdhreacha (2004) in ionad an Mheasúnaithe ar Shaintréithe Tírdhreacha (2025) a rinneadh mar fhreagra ar Ghníomh LR A1 de Phlean Forbartha an Chontae.
Tá cóipeanna den Phlean Forbartha, mar atá sé athraithe, ar fáil lena n-iniúchadh mar seo a leanas:
- Oifigí Chomhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Co. Chill Dara ó Luan go hAoine, seachas laethanta saoire poiblí, ó 9:30 a.m. go 4:00 p.m.
- Ar ár suíomh gréasáin https://kildarecoco.ie/AllServices/Planning/DevelopmentPlans/.
Sínithe: Alan Dunney, Stiúrthóir Seirbhísí – Pleanáil, Fiontar agus Forbairt.











