Fáiltíonn Comhairle Contae Chill Dara roimh chlár bríomhar éagsúil do Sheachtain na Gaeilge 2026
Céad Míle Fáilte Roimh Chách
Déanfar Seachtain na Gaeilge 2026 a cheiliúradh ar fud Chontae Chill Dara ón Domhnach, 1 Márta go dtí an Mháirt, 17 Márta agus cuimseoidh an fhéile 17 lá d'imeachtaí Gaeilge, dátheangacha agus ilteangacha. Tacaíonn Comhairle Contae Chill Dara le go leor de na himeachtaí trí mheán an chláir Éire Ildánach, Sheirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chill Dara agus Choiste Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara.
Cuireann clár na bliana seo rud éigin ar fáil do chách – do chainteoirí líofa Gaeilge, dóibh siúd a bhfuil ‘cúpla focal’ acu, agus dóibh siúd atá ag cur tús lena dturas Gaeilge.
Cuirfear sméar mhullaigh ar chlár Chontae Chill Dara ar an Máirt, 17 Márta le Féile Sráide Lá Fhéile Pádraig Nás na Ríogh, féile bhliantúil arna eagrú ag Cill Dara le Gaeilge. Beidh an ócáid seo ar siúl ar an bPríomhshráid sa Nás ó 2pm go 5pm, agus tá sí á reáchtáil le tacaíocht ó Chomhairle Contae Chill Dara, trí mheán an chláir Éire Ildánach.
Moltar don phobal dul i dteagmháil lena leabharlann áitiúil nó leis an ngrúpa pobail Gaeilge áitiúil chun sonraí a fháil faoi na himeachtaí sa cheantar áitiúil. Is féidir féilire imeachtaí Chill Dara le Gaeilge a bhrabhsáil ag www.cilldaralegaeilge.ie nó is féidir féachaint ar mhol eolais náisiúnta na Gaeilge www.sceal.ie chun liosta iomlán na n-imeachtaí atá cláraithe do Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl i gCill Dara a fheiceáil.
Chuir Cathaoirleach Chontae Chill Dara, an Comhairleoir Carmel Kelly, fáilte roimh chlár Sheachtain na Gaeilge 2026: “Bímse ag súil go mór le Seachtain na Gaeilge gach bliain. Is deis iontach é seo chun ár dteanga, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht dhúchasach a cheiliúradh, agus is mór agam an obair chrua atá déanta ag grúpaí pobail, eagraíochtaí, leabharlanna agus oifigigh ar fud an chontae chun an clár bríomhar agus éagsúil seo do Sheachtain na Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir Chill Dara. Is í an Ghaeilge ár dteanga náisiúnta. Is í teanga uathúil ár n-oileáin féin í, agus tá sí ar cheann de na teangacha is sine agus is áille ar domhan. Is teanga bheo bhríomhar phobail í freisin - tá sé tugtha le fios ag níos mó ná 42% de dhaonra Chontae Chill Dara go bhfuil Gaeilge acu agus tá grúpaí pobail Gaeilge ag obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus imeachtaí a eagrú i ngach ceantar bardasach. Ní smaoiníonn muid ar an nGaeilge a thuilleadh mar ábhar scoile amháin nó mar rud gur gá a dhéanamh. Tá deis ag gach duine pléisiúr a bhaint as seoid na Gaeilge, agus is iontach an rud é go bhfuil ár dteanga ag teacht ar ais inár saol laethúil, agus anois i lár an aonaigh. Tá fuinneamh iontach faoin teanga faoi láthair agus is fiú go mór an ‘cúpla focal’ a úsáid - ‘go raibh maith agat’ anseo agus ‘slán go fóill’ ansiúd. Beidh iontas ort faoi líon na ndaoine atá ábalta freagra as Gaeilge a thabhairt, agus faoina áthasaí is a bhíonn daoine nuair a fhaigheann siad an deis sin a dhéanamh. Molaim do gach duine triail a bhaint as an nGaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge.”
Dúirt Joe Boland, Stiúrthóir Seirbhísí, Seirbhísí Corparáideacha, Cultúir agus Éigeandála: “Tá áthas an domhain ar Sheirbhís Leabharlainne Chill Dara tacú le himeachtaí fhéile Sheachtain na Gaeilge ar fud chontae Chill Dara arís i mbliana, agus tá an Ghaeilge chun tosaigh inár n-imeachtaí agus inár gceardlanna leabharlainne a bhfuil an-spraoi ag baint leo. Tá rud éigin ar fáil do gach duine, idir dhaoine fásta agus leanaí, mar sin déan teagmháil le leabharlann i do cheantar féin go bhfeice tú cad a bheas ar siúl.
Cluichí boird agus amhránaíocht ar an sean-nós sa Nás, scéalaíocht i gCill Droichid, an Scoil Cheoil Taistil i Maigh Nuad, scannáin i Léim an Bhradáin agus na healaíona agus ceardaíocht i mBaile Chill Dara - níl iontu seo ach samplaí dá bhfuil ar an gclár, agus chomh maith leo sin, beidh ár ngrúpaí comhrá agus clubanna leabhar rialta ar siúl, mar is gnách. Tá féile Sheachtain na Gaeilge faoi lán seoil agus ba mhaith linn daoine a spreagadh le teacht le chéile chun ár dteanga agus ár gcultúr a cheiliúradh agus chun Lá Fhéile Pádraig, ár lá saoire náisiúnta, a cheiliúradh.
I mbliana, i gcomhar le hOllscoil Mhá Nuad agus Seirbhís Ealaíon Chill Dara, cuirimid céad míle fáilte roimh ár Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge, Dubhán Ó Longáin, a bheidh ag léamh óna leabhar nua i Leabharlann Phobail Mhaigh Nuad agus, díreach ina dhiaidh sin, cuirfear tús leis an gcéad cheardlannn ina shraith ceardlann do scríbhneoirí Gaeilge atá ag bláthú i gCo. Chill Dara. Déan cinnte d’áit a chur in áirithe. Is féidir gach eolas a fháil ó Leabharlann Mhaigh Nuad.
Trí chlár Pobail Chruthaitheacha Éire Ildánach Chill Dara, táimid bródúil as tacú le Féile Sráide agus Céilí Nás na Ríogh a líonfaidh sráideanna an Náis le Gaeilge, ceol, damhsa agus cultúr ar bhealach atá inrochtana do chách agus muid ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig.”
Dúirt Muireann Ní Bheaglaoich, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara: “Is cuid thábhachtach agus luachmhar í an Ghaeilge de shochaí, de chultúr agus d’fhéiniúlacht na hÉireann agus is mór an onóir dom a bheith ag obair i gcomhar le grúpaí pobail Gaeilge áitiúla, le heagraíochtaí náisiúnta Gaeilge, le cumainn, le Coiste Gaeilge Chomhairle Contae Chill Dara, le Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chill Dara, le Cill Dara le Gaeilge, le hIonad Ealaíon Bhruach na hAbhann (Riverbank), le Shackleton Experience, le Comhaltas Ceoltóirí agus le hOllscoil Mhá Nuad chun ceann de na cláir is fearr de chuid Sheachtain na Gaeilge sa tír a chur ar fáil do mhuintir Chill Dara.
Tá an chéad sampla den Ghaeilge scríofa le feiceáil ar inscríbhinní Ogham ón gcúigiú haois agus tá an t-ádh dearg linn gur i gCillín Chormaic, Baile Choilbhín, anseo i gContae Chill Dara atá an bailiúchán is mó de chlocha ogham in aon suíomh amháin i gCúige Laighean. Do Sheachtain na Gaeilge, ba mhaith liom muintir Chill Dara a spreagadh le dul amach sa phobal agus na himeachtaí a bheidh ar siúl i do cheantar féin a fhiosrú, agus chun breathnú ar an nGaeilge atá le feiceáil i do cheantar féin – b'fhéidir go bhféadfaí níos mó a fhoghlaim faoinár logainmneacha Gaeilge nó b'fhéidir go bhféadfaí tabhairt faoi thionscnamh Sheachtain na Gaeilge, mar shampla taighde a dhéanamh ar ainmneacha ár gcrann dúchasach Éireannach ar a raibh 20 litir na haibítre ársa ogham Ceilteach bunaithe.”
Bí linn chun Seachtain na Gaeilge 2026 a cheiliúradh, agus go mbaine tú taitneamh agus tairbhe as an nGaeilge, as an gcultúr agus as an oidhreacht dúchais.










.jpg)
